Description
Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan
Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata
úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh.