Tá Scott Pilgrim ag siúl amach le Ramona Flowers, ach mar sin féin, ní mór dó fós dul i ngleic le seachtar n-iarleannán olca Ramona. Agus mar bharr ar an donas, tá duine dá iar-leannán féin tar éis filleadh agus is mian léi bualadh leis: Envy Adams. Tá cor eile sa scéal - tá Envy ag siúl amach leis an tríú iar-leannán olc a bhíodh ag Ramona, Todd Ingram (seinnteoir dordghiotáir mór le rá). Diaidh ar ndiaidh, éiríonn le Scott agus Ramona dul chun cinn a dhéanamh ach níl an gleo thart fós. Baintear preab as Scott nuair a thuigeann sé cérbh é an ceathrú iar-leannán a bhíodh ag Ramona. Ní raibh sé ag súil leis an scéal sin.
Tá iar-leannáin Ramona ag éirí níos láidre agus níos seiftiúla - an cheist ná, an bhfuil Scott in ann acu? An féidir leis iad a threascairt?
"Seans maith gurb é seo an táirge fisiciúil is áille a cuireadh amach do léitheoirí na Gaeilge riamh." - léirmheas Tuairisc.ie
Bhí Scott Pilgrim ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe 2024, an gradam don saothar aistrithe is fearr.